Housing

Living  /  Services  /  Housing  /  Leathanach Gaeilge Tithíocht  /  Iompar FhrithShóisialta

Iompar FhrithShóisialta

Eolas  ar an bPolasaí um Iompar FhrithShóisialta a ghlacadh Comhairle Chontae Chill Mhantáin i 2010.

Ghlac Comhairle Chontae Chill Mhantáín an Polasaí um Iompart Fhrithshóisialta I Samhain 2010. De réir an polasaí seo, ní chuirfimid suas le h-iompar fhrithshóisilta agus ní chuirfear isteach ar saolta na tionóntaí eile. Léiríonn an cáipéis aidhmeanna an ráiteas, stráitéis an chomhairle, forálacha reachta, gnáthamh gearáin agus gnáthamh iniúchadh.

Níl aon ról ag na hÚdaráis Áitiúla mar gheall ar Iompar FhrithShóisialta san earnáil Phríobháideach. Ba cheart go ndéantar gearáin sa chás sin leis an Tiarna Talún mar tá sé de dhualgas air an tionóntacht a bhainistiú i gceart. Mura comhoibríonn an tiarna talún, sin cúis ghearáin leis an mBord um Thionóntachtaí Chónaithe agus tá an chumhacht acú chun rialú agus dámhachtain damáistí a dhéanamh.

Polasaí um Iompar FhrithShóisialta

Tá an pholasaí seo roinnte idir Iompar FhrithShóisialta i gcoitinne agus tionóntaí a fuarthas le drugaí ina sheilbh.

Sa chéad cás, ciallaíonn iompar fhrithshóisialta daoine ag bagairt nó ag déanamh dochar do na comharsana nó a gcuairteoirí. Dar le Alt 10 den Chomhaontú Tionóntachta: “Ní dhéanfaidh an Tionónta aon núis agus ba cheart nach mbeadh sé ciontach le aon iompar a chuirfeadh isteach ar a chomharsana agus ní ceart dó aon iompar den saghas sin a ligint ach an oiread.” Ciallaíonn sé sin má chuireann tionónta isteach ar a chomharsana nó má dhéanann sé núis, beidh sé ag sárú coinníollacha a Thionóntacht agus ní amháín sin, beidh sé ag sárú na coinníollacha má dhéanann aon cuairteoir é.

Chomh maith le sin, má tá aon tionónta ag cónaí le páirtí gan cead ó Chomhairle Chontae Chill Mhantáin, beidh na coinníollacha á bhriseadh acú agus leanfar gníomhartha in a  n-aghaidh.

Mar gheall ar drugaí, an rud atá I gceist anseo ná tionónta a fuarthas le drugaí ina sheilbh agus ruin aige iad a dhíol – faoi réir an Misuse of Drugs Acts, 1977 agus 1984. Díshealbhaífear aon tionónta a fuarthas ciontach faoi réir an dlí sin láithreach.

Ceisteanna Coitinne

Conas is féidir idirdhealú a dhéanamh idir iompar fhrithshóisialta agus iompar núise?

Ciallaíonn iompar fhrithshóisialta an dá rud seo a leanas (ina aonar nó an dá rud le chéíle ) faoi réir an Housing (Miscellaneous Provisions) Act 1997:

  • Monarú, táirgeacht, ullmhú, iomportáil, easportáil, díolachán, soláthar, sealbhú le h-hintinn díolacháín nó soláthar nó dáileachán drugaí rialaithe (de réir an mhiniú san Acht thuasluaite).
  • Aon iompar is cúis le, nó go ndócha go mbeadh in a chúis le, baol, gortú, damáiste, imní, caillteanas nó eagla síoraí, do aon duine ina cónaí, ag obair, nó cóngarach ar cúis dleathach, do theach curtha ar fáil ag údarás tithíochta de réir na hAchtanna Tithiochta, 1966 go 2002, nó Roinn V den Acht um Pleanáilíocht agus Forbairt 2000, nó eastát tithíochta ina bhfuil an teach nó láithreán agus, gan dochar don méad atá ráíte, cuimsíonn: a) Foréígean, bagairtí,imeaglú,comhéigean, ciapadh nó bac tromchúiseach ar éine; b) Iompar a chuireann isteach go mór agus go síoraí ar dhuine ag úsáíd agus ag baint taitneamh as a detach nó c) Damáíste nó milleadh trí scríbhinn nó marcanna eile ar aon seilbh, teach duine san áireamh.

Cad ba cheart dom a dhéanamh mar gheall ar iompar fhrithshóisiata san eastát?

Más é do thuairim go bhfuil iompar fhrithshóisialta ar siúl san eastát, ba cheart duit é a thógáil suas leis an Resident Support Worker (RSW). Your RSW will then explain to you the Respond! Anti-Social Behaviour Policy and what the next steps to be taken will be.

Madra ag tafann – cad is féídir liom a dhéanamh?

Cion is ea é, an iomad tafanna a dhéanann núis le duine. Ar an gcéad dul síos, cur in iúl, go comharsanúil, d’úinéir an mhadra conas a bhfuil an madra ag tafann ag cur isteach ort.  B’fhéídir nach raibh fhios acú cad a bhí ag titim amach. Má theipeann ar an iarracht sin téígh I dteagmháil le do RSW agus cuirfidh sé/sí in iúl duit cad is féidir a dhéanamh.

Truailliú de dheasca torann, ceol ard ag teacht ó na comharsana – cad ba cheart dom a dhéanamh?

Tá na h-údarás áitiúil freagrach maidir le truailliú de dheasca torann mar sin ba cheart duit an fadhb a tuaraisciú dóibh.